Turas Eolais thart ar Chloch Cheann Fhaola | Information Tour around Cloughaneely |Information Tour around Cloughaneely

[lang_ie] Chuaigh scoláirí an chéad agus an dara bhliain amach go tír mór Déardaoin, 17ú Bealtaine le dul ar thuras eolais thart ar Chloch Cheann Fhaola le roinnt scoláirí de chuid Phobalscoil na Rossan agus a múinteoirí Donncha Mac Niallais agus Seosamh Ó Ceallaigh. Bhí Seosamh ina threoraí agus níl teorann ar bith lena chuid eolais faoin cheantar agus na scéalta agus béaloideas uilig a bhaineann leis. Chuaigh muid chuig Coláiste Uladh, chuig an Chloch í féin, chuig Caisleán na dTuath agus Tobar an Dúin. Thug Seosamh  giota beag cainte uaidh ag achan suíomh agus bhí an lá uilig thar a bheith speisiúil. Ní fhéadfaí lá ní b’fhearr a fháil do leitheid de thuras mar bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Bhain achan duine sult iontach as an lá. Go raibh míle maith agat a Sheosaimh! Griangrafanna[/lang_ie]

[lang_en-uk]First and second year-students went to the mainland on Thursday, 17th May to participate ina guided tour of Cloughaneely with some students from Pobalscoil na Rossan. The students from Pobalscoil na Rossan wre accompanied by their teachers, Donncha Mac Niallais agus Seosamh Ó Ceallaigh. Seosamh acted as guide and there is no limit to his knowledge of the area and its history and folklore. We went to Coláiste Uladh, to the ‘Cloch’ itself for which Cloch Cheann Fhaola (Cloughaneely) is named, Doe Castle and Dún Well. Seosamh spoke at each site and the day was really interesting. It would have been impossible to pick a better day for the trip as the sun was splitting the rocks.Everyone really enjoyed the day. Thanks a million Seosamh![/lang_en-uk]

This entry was posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News. Bookmark the permalink.