Comórtas Náisiúnta Buaite ag Daltaí Thoraí a Bhailigh 400 lLogainm |Tory Students Win National Competition Having Collected 400 Placenames|

logainm 1[lang_ie]

Deir Meitheal Logainm.ie go gcabhróidh saothar Choláiste Pobail Cholmcille ‘le caomhnú oidhreacht logainmníochta Thoraí don chéad ghlúin eile’. D’éirigh le daltaí Choláiste Pobail Cholmcille breis agus 400 mionlogainm a bhailiú don chomórtas náisiúnta d’iarbhunscoileanna a eagraíonn Meitheal Logainm.ie. Chuir daltaí na scoile go leor taifeadtaí fuaime ar fáil chomh maith ina bhfuil teacht ar cheartfhuaimniú na mionainmneacha.

Thug Meitheal Logainm.ie cuireadh do dhaltaí iarbhunscoile sonraí maidir le mionainmneacha ina gceantar a chur ar fáil do Mheitheal Logainm.ie, uirlis sluafhoinsithe chun sonraí a bhaineann le mionainmneacha a bhailiú, a stóráil agus a roinnt.

Thug lucht Mheitheal Logainm.ie le fios go raibh “bailiúchán an-suntasach” déanta ag daltaí Choláiste Pobail Cholmcille, bailiúchán “a chuireann go mór le caomhnú oidhreacht logainmníochta Thoraí agus an cheantair máguaird”.Logainm 2

Dúradh go raibh taifead sa bhailiúchán “ar eolas luachmhar stairiúil, tíreolaíochta agus logainmníochta don chéad ghlúin eile chomh maith”.

Áirítear carraigeacha, scoilteanna, páirceanna, uaimheanna agus neart mionlogainmneacha eile mar chuid den bhailiúchán agus is féidir na mionlogainmneacha ar fad a bailíodh mar chuid den togra a chuardach ag https://meitheal.logainm.ie/en/u50/. Tá treoir chuimsitheach maidir le hionchur logainmneacha ar fáil sna leathanaigh eolais ar shuíomh Mheitheal Logainm.ie.[/lang_ie]

[lang_en-uk]According to Meitheal Logainm.ie, the work of Coláiste Pobail Cholmcille “will preserve the placename heritage of Toraigh for the next generation”.

The students of Coláiste Pobail Cholmcille succeeded in collecting 400 placenames for the national second-level school competition organised by Meitheal Logaim.ie. The students also recorded the proper pronounciation of many of the placenames they collected.

Meitheal Logainm.ie stated that the students had developed a substantial collection which will add greatly to the preservation of placenames and the associated heritage in Toraigh and the surrounding areas. It observed that the collection is a valuable record of historic, geographical and placename  knowledge.

The collection includes names of inlets, fields, caves and other features and they can all be accessed at https://meitheal.logainm.ie/en/u50/ [/lang_en-uk]

[lang_undefined] Según el ‘Meitheal Logainm.ie’, el trabajo hecho por los alumnos de Coláiste Phobail Cholmcille ” conservará el patrimonio toponimíco de Tory hasta la generación que viene.”

Los alumnos coleccionaron 400 topónimos para el concurso interescolar nacional organizado por ‘Meitheal Logainm.ie’ y , también, grabaron la pronunciación de muchos de los topónimos.

‘Meitheal Logainm.ie’ declaró que la colección es muy valiosa por sus conocimientos históicos, geográficos y toponímicos.

La colección incluye los nombres de rías, campos, cuevas y otras accidentes geográficas y se puede tener acceso a ella en http://meitheal.logainm.ie/en/u50/.[/lang_undefined]

This entry was posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News. Bookmark the permalink.