Léarscáiliú Digiteach

Tháinig roinnt scolairí agus múinteoirí de chuid Phobalscoil Phort Mearnóg i IMG_1039mBaile Átha Cliath isteach go Toraigh Dé hAoine, 14 Meán Fómhair chun oibriú le scoláirí s’againne ar léarscáil digiteach de Thoraigh. Tá scoláirí de chuid Phobalscoil Phort Mearnóg ag obair ar an léarscáiliú digiteach le roinnt mhaith blianta anuas agus an-obair déanta acu chun Lesotho san Afraic a léarscáilú. Is féidir a rá gan baol bréagnaithe gur saineolaithe cearta iad. Thosaigh scoláirí s’againn féin ag obair ar Thoraigh a léarscáiliú roinnt blianta ó shin agus chuir siad aithne ar mhuintir Phort Mearnóg nuair a d’fhreastail an dá scoil ar thaispeántas School Digital Champions i mBaile Átha Cliath. Mar go raibh an-taithí ag scoláirí Phort Mearnóg sa gnó seo bhí siad sásta teacht isteach agus comhairle a chur ar scoláirí Thoraí. Ní raibh turas ró-dheas isteach acu ach ní dhearna siad clamhsán ar bith; bhí siad iontach cáirdiúil agus cabhrach agus chuidigh siad le scoláirí Thoraí foghlaim faoi aippeanna agus IMG_1047bogearraí atá riachtanach chun léarscáilú digiteach a dhéanamh. Tá scoláirí s’againne réidh anois le brú ar aghaidh lena dtionscadal léirscáilithe agus í mar aidhm acu go mba Toraigh ar an oileán is léarscáilte in Éirinn agus é sin a bheith déanta i nGaeilge. Tá muid iontach buíoch de scoláirí agus múinteoirí de chuid Phobalscoil Phort Mearnóg agus tá súil againn go mbeidh siad isteach linn arís sár i bhfad.

This entry was posted in An Scéal is Deireanaí . Bookmark the permalink.