An Rí ar Shlí na Fírinne |An Rí ar Shlí na Fírinne |An Rí ar Shlí na Fírinne

[lang_ie]Tá Rí Thoraí, Patsaí Dan Mag Ruaidhrí, tar éis báis. D’éag sé oíche Aoine, 19 Deireadh Fómhair tar éis tréimhse fada tinnis.Patsaí A

Is minic a deirtear faoi dhuine a bhásaigh nach mbeidh a leitheid arís ann ach, i gcás Phatsaí, tá sé go hiomlán fíor. Tá sé beagnach do-dhéanta Toraigh gan Phatsaí a shamhlú. Ba chroí an oileáin é. Ceoltóir, ealaíontóir, damhsóir, seanchaí agus trodaí ar son a phobail. Le linn a shaoil, b’iomaí bagairt agus dúshlán a bhí  ag Toraigh; achan uair, sheas Patsaí an fód; throid sé ar son a oileáin, ar son a phobail agus ar son a chultúir; níor ghéill sé ariamh.

Fear lách, cineálta, gnaíúil a bhí ann; dílis dá chlann, dá phobal, d’oidhreacht. Pearsantacht mhór agus croí mór.

Tá Toraigh uilig faoi bhrón. Ba mhaith le pobal na scoile chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean Phatsaí, Kathleen, lena iníonacha, Breda, Majella, Christina, lena mhac, Seán Dónail agus leis an teaghlach uilig.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Dúirt Patsaí am amháin gurb é an scoil mhór an dul chun cinn ba mhó a rinneadh ar an oileán le caoga bliain anuas. Thug sé tacaíocht iomlán dúinn ón chéad lá agus bhí sé i gcónaí fial flaithiúil lena chuid buanna agus ama. Is deacair Toraigh gan é a shamhlú ach ba é a mhian go mairfeadh Pobal Thoraí, go rachadh sé i neart agus go mbeadh na daoine dílis dá n-oidhreacht agus dá dteanga.

Las tú lasrach an dóchais ionainn a chara – coinneoidh muidne lasta duit é agus beidh tú linn i gcónaí.

Suaimhneas síoraí do d’anam uasal, Gaelach.

                                                                                       Máire Clár Nic Mhathúna (Príomhoide)

[/lang_ie]

[lang_en-uk]Tá Rí Thoraí, Patsaí Dan Mag Ruaidhrí, tar éis báis. D’éag sé oíche Aoine, 19 Deireadh Fómhair tar éis tréimhse fada tinnis.Patsaí A

Is minic a deirtear faoi dhuine a bhásaigh nach mbeidh a leitheid arís ann ach, i gcás Phatsaí, tá sé go hiomlán fíor. Tá sé beagnach do-dhéanta Toraigh gan Phatsaí a shamhlú. Ba chroí an oileáin é. Ceoltóir, ealaíontóir, damhsóir, seanchaí agus trodaí ar son a phobail. Le linn a shaoil, b’iomaí bagairt agus dúshlán a bhí  ag Toraigh; achan uair, sheas Patsaí an fód; throid sé ar son a oileáin, ar son a phobail agus ar son a chultúir; níor ghéill sé ariamh.

Fear lách, cineálta, gnaíúil a bhí ann; dílis dá chlann, dá phobal, d’oidhreacht. Pearsantacht mhór agus croí mór.

Tá Toraigh uilig faoi bhrón. Ba mhaith le pobal na scoile chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean Phatsaí, Kathleen, lena iníonacha, Breda, Majella, Christina, lena mhac, Seán Dónail agus leis an teaghlach uilig.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Dúirt Patsaí am amháin gurb é an scoil mhór an dul chun cinn ba mhó a rinneadh ar an oileán le caoga bliain anuas. Thug sé tacaíocht iomlán dúinn ón chéad lá agus bhí sé i gcónaí fial flaithiúil lena chuid buanna agus ama. Is deacair Toraigh gan é a shamhlú ach ba é a mhian go mairfeadh Pobal Thoraí, go rachadh sé i neart agus go mbeadh na daoine dílis dá n-oidhreacht agus dá dteanga.

Las tú lasrach an dóchais ionainn a chara – coinneoidh muidne lasta duit é agus beidh tú linn i gcónaí.

Suaimhneas síoraí do d’anam uasal, Gaelach.

                                                                                         Máire Clár Nic Mhathúna (Príomhoide)

[/lang_en-uk]

[lang_es-es]Tá Rí Thoraí, Patsaí Dan Mag Ruaidhrí, tar éis báis. D’éag sé oíche Aoine, 19 Deireadh Fómhair tar éis tréimhse fada tinnis.Patsaí A

Is minic a deirtear faoi dhuine a bhásaigh nach mbeidh a leitheid arís ann ach, i gcás Phatsaí, tá sé go hiomlán fíor. Tá sé beagnach do-dhéanta Toraigh gan Phatsaí a shamhlú. Ba chroí an oileáin é. Ceoltóir, ealaíontóir, damhsóir, seanchaí agus trodaí ar son a phobail. Le linn a shaoil, b’iomaí bagairt agus dúshlán a bhí  ag Toraigh; achan uair, sheas Patsaí an fód; throid sé ar son a oileáin, ar son a phobail agus ar son a chultúir; níor ghéill sé ariamh.

Fear lách, cineálta, gnaíúil a bhí ann; dílis dá chlann, dá phobal, d’oidhreacht. Pearsantacht mhór agus croí mór.

Tá Toraigh uilig faoi bhrón. Ba mhaith le pobal na scoile chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean Phatsaí, Kathleen, lena iníonacha, Breda, Majella, Christina, lena mhac, Seán Dónail agus leis an teaghlach uilig.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Dúirt Patsaí am amháin gurb é an scoil mhór an dul chun cinn ba mhó a rinneadh ar an oileán le caoga bliain anuas. Thug sé tacaíocht iomlán dúinn ón chéad lá agus bhí sé i gcónaí fial flaithiúil lena chuid buanna agus ama. Is deacair Toraigh gan é a shamhlú ach ba é a mhian go mairfeadh Pobal Thoraí, go rachadh sé i neart agus go mbeadh na daoine dílis dá n-oidhreacht agus dá dteanga.

Las tú lasrach an dóchais ionainn a chara – coinneoidh muidne lasta duit é agus beidh tú linn i gcónaí.

Suaimhneas síoraí do d’anam uasal, Gaelach.

                                                                                         Máire Clár Nic Mhathúna (Príomhoide)

[/lang_es-es]

This entry was posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News. Bookmark the permalink.