Sirius Science | Sirius Science | Sirius Science

IMG_1113 IMG_1115[lang_ie]Bhí foireann de chuid Sirius Science isitigh i dToraigh Dé Luain, 19 Samhain mar chuid de Sheachtaine na hEolaíochta. Thug Rob Hill cur i láthair iontach spéisiúil faoi spás, faoi na plainéid agus faoin Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis. Bhí ar an lucht féachanna spéacláirí thrí phlánacha (3D)  a chaitheamh agus iad ag amharc ar an scáilean le linn an chur i láthair agus bhí daoine ag ceapadh go raibh dreigití ag teacht i dtreo s’acu. Labhair an Dr. Nóra Patten freisin agus bhean iontach spéisiúil atá inti. Tá sí páirteach i Project Possum a bhíonn ag traenáil daoine mar spásairí  agus ‘chuile sheans gurb ise an chéad Éireannach a ghabhfaidh suas i spás chun tamall a chaitheamh sa Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis.  An-éacht do bhean ar as Maigh Eo í. ‘Chuile sheans go mbeidh an Dr. Patten sa spás sula mbíonn Corn Sam Mhig Uidhir i Maigh Eo (Gailleamhach a scríobh seo). Guíonn muid gach rath uirthi[/lang_ie]

[lang_en-uk]Members of the Sirius Science team were in Toraigh on Monday, 19 November as part of Science Week. Rob Hill gave a really interesting presentation about space, the planets and the International Space Station. Members of the audience wore 3D glasses during the presentation and it seemed like meteorites were coming towards them. Dr. Nóra Patten spoke as well and she was very interesting too. She is a member of the Possum Project which is training people to be astronauts and there is every chance that she will be the first Irish person to spend time in the International Space Station. Quite an achievement for a lady from Mayo. There is every chance that Dr. Patten will be in space before the Sam Maguire is back in Mayo (written by a Galwayman). We wish her the best of luck[/lang_en-uk]

This entry was posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News. Bookmark the permalink.