by Séamus Mac A’ Bhaird ************************** O mo chreach ‘s mo mhíle díth Nó gur spreag sé in mo chroí A ghabhail i gcleamhnas riamh le Beití Sailí Deain Nó níl aon lá ó cuireadh an snadhm Orm féin ‘s ar Bheití mhín Nach bhfuil leatrom agus léan domh féin i ndán ********************************** Théim amach ‘na Chamais Bhig A sheiftiú an méid a thig Glasán beag ná glasán mór dá dtiocfadh a fháil Nuair a phillim arís ‘un tí a chur tuairisc greim bídh Bheir sí orm aghaidh a craois is an méadall mór ***************************************** Nuair a theimse siar ‘na trá A chur amach bodóg agus leathach Tiocfaidh mé aniar salach sronnach marbh tuirseach amach ón lá Nuair a thigim isteach ‘un tí a chuir tuairisc greim bidh Fágfaidh sí pláta brachán Indian is cáfraith fúm ******************************************* Dhéanfaidh Mac John Eoin go beacht Cros de chéaslaidh a bheas gan lucht ‘S dhéanfaidh an curach cónair dhíon domh féin go brách Cuirfidh Beití le mo thaobh léinidh uisce de mhálaí plúir Is dhéanfaidh scarfa marbhfáisc orm san uaigh ************************************ Barr a’ Phointe is an Bhoilg Mhór Sruth Phort Deilg is an Camas Mór Béal Phort Chala ó thuaidh go beacht as Droim a’ Bhogha Bhí tú i dtólamh ó thaobh go taobh ‘S bhí tú i gcónaí bhonn ‘S cha dtug tú riamh do dheireadh do Oitir Mhór *************************************************** Ach tá tú caite anois is liom ‘S tá sliocht an anróidh ar do cheann Chaill tú bláth na hóige a bhí ort i dtús do shaol Mar sin féin is tú grá mo chroí Cha scaraim leat a choích Nó go síntear ins a’ chill mé le do thaobh. ************************************
[/lang_en-uk] [lang_es-es] le Séamus Mac A’ Bhaird ************************** O mo chreach ‘s mo mhíle díth Nó gur spreag sé in mo chroí A ghabhail i gcleamhnas riamh le Beití Sailí Deain Nó níl aon lá ó cuireadh an snadhm Orm féin ‘s ar Bheití mhín Nach bhfuil leatrom agus léan domh féin i ndán ********************************** Théim amach ‘na Chamais Bhig A sheiftiú an méid a thig Glasán beag ná glasán mór dá dtiocfadh a fháil Nuair a phillim arís ‘un tí a chur tuairisc greim bídh Bheir sí orm aghaidh a craois is an méadall mór ***************************************** Nuair a theimse siar ‘na trá A chur amach bodóg agus leathach Tiocfaidh mé aniar salach sronnach marbh tuirseach amach ón lá Nuair a thigim isteach ‘un tí a chuir tuairisc greim bidh Fágfaidh sí pláta brachán Indian is cáfraith fúm ******************************************* Dhéanfaidh Mac John Eoin go beacht Cros de chéaslaidh a bheas gan lucht ‘S dhéanfaidh an curach cónair dhíon domh féin go brách Cuirfidh Beití le mo thaobh léinidh uisce de mhálaí plúir Is dhéanfaidh scarfa marbhfáisc orm san uaigh ************************************ Barr a’ Phointe is an Bhoilg Mhór Sruth Phort Deilg is an Camas Mór Béal Phort Chala ó thuaidh go beacht as Droim a’ Bhogha Bhí tú i dtólamh ó thaobh go taobh ‘S bhí tú i gcónaí bhonn ‘S cha dtug tú riamh do dheireadh do Oitir Mhór *************************************************** Ach tá tú caite anois is liom ‘S tá sliocht an anróidh ar do cheann Chaill tú bláth na hóige a bhí ort i dtús do shaol Mar sin féin is tú grá mo chroí Cha scaraim leat a choích Nó go síntear ins a’ chill mé le do thaobh. ************************************
[/lang_es-es]