Chuaigh John Ó Mianáin

Chuaigh John Ó Mianáin ‘ na aDuinibh

Agug thug sé Bad a’ Chairnéalaigh leis
Gur chruinnigh sé chugainn na scadáin
As na Dúinibh go Toraigh na Naomh
Tá scadáin go leor anseo i dToraigh
Is nil aon duine le hamharc ‘na ndéidh
Ach le cuidiú an Rí ar an bhlian seo chugainn
Beidh gleastaí níos fearr againn feín
******************************
Bhí daoine bhí bádaí is bhí curaigh
Ag iomairt is ag tarraingt an eísc
Nó gur chruinnigh said chugainn an cuidiú
As Céideadh na nAsal aniar
Tháinigh Tír Conaill ‘na Chamais
Agus shéid sí an adharc ag iarraidh an éisc
‘S chuir said an t-iasc ins na bádaí
Ag braith iad a thabhairt ‘un siuíl gan a luach
Ach nuair a tháinig na hiascairí chun tosaigh
Ba é a gcuid ionracais feín a bhí ann
Phill said an t-iasc as na bádaí
‘S char lig siad iad chun siúil gsn a luach
Ach nuair a tháinig an sagart chun tosaigh
Ach b’aige a bhí gnoithe a theacht ann
Labhair sé i mBéarla le Duthuy
Go home, Sir, and give them the right!
And that will settle the case!”
Bhí an Dálach mar bheadh eascann ar líon ann
‘S bhí Duthy chomh leathan le bró
‘S ach go bré Máistir Ward is ar an Athair Muirí
Bhi an t-iomlan amubha gan pínn
Thug siad comhairle ar an Athair Bheag Bheannaithe
É suim beag a choinneáil dó féin
‘S ach go bré go raibh na fir fiuntach
Bhí abhar murdar is fuil ar an chéidh
Nach trua libh scéal Máistir Sinker
Thug leis an drao a bhí gan dóigh
Bhí siad ag cur leathaigh, ag cur meanaigh ‘s ag cur salainn
Ins na barraillí suas go dtí an clár
Nó gur bhris siad a’chompánaí orainn
A b’fhearr abhí riamh I nDún na nGal
Ach chan é sin do Mhac Giolla Bhride is do Duthy
Ó b’acu a bhí na glantóirí a b’fhearr
Nó go dtug an gcuid éisc an swae leofa