Sirius Science | Sirius Science | Sirius Science

IMG_1113 IMG_1115[lang_ie]Bhí foireann de chuid Sirius Science isitigh i dToraigh Dé Luain, 19 Samhain mar chuid de Sheachtaine na hEolaíochta. Thug Rob Hill cur i láthair iontach spéisiúil faoi spás, faoi na plainéid agus faoin Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis. Bhí ar an lucht féachanna spéacláirí thrí phlánacha (3D)  a chaitheamh agus iad ag amharc ar an scáilean le linn an chur i láthair agus bhí daoine ag ceapadh go raibh dreigití ag teacht i dtreo s’acu. Labhair an Dr. Nóra Patten freisin agus bhean iontach spéisiúil atá inti. Tá sí páirteach i Project Possum a bhíonn ag traenáil daoine mar spásairí  agus ‘chuile sheans gurb ise an chéad Éireannach a ghabhfaidh suas i spás chun tamall a chaitheamh sa Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis.  An-éacht do bhean ar as Maigh Eo í. ‘Chuile sheans go mbeidh an Dr. Patten sa spás sula mbíonn Corn Sam Mhig Uidhir i Maigh Eo (Gailleamhach a scríobh seo). Guíonn muid gach rath uirthi[/lang_ie]

[lang_en-uk]Members of the Sirius Science team were in Toraigh on Monday, 19 November as part of Science Week. Rob Hill gave a really interesting presentation about space, the planets and the International Space Station. Members of the audience wore 3D glasses during the presentation and it seemed like meteorites were coming towards them. Dr. Nóra Patten spoke as well and she was very interesting too. She is a member of the Possum Project which is training people to be astronauts and there is every chance that she will be the first Irish person to spend time in the International Space Station. Quite an achievement for a lady from Mayo. There is every chance that Dr. Patten will be in space before the Sam Maguire is back in Mayo (written by a Galwayman). We wish her the best of luck[/lang_en-uk]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

An Rí ar Shlí na Fírinne |An Rí ar Shlí na Fírinne |An Rí ar Shlí na Fírinne

[lang_ie]Tá Rí Thoraí, Patsaí Dan Mag Ruaidhrí, tar éis báis. D’éag sé oíche Aoine, 19 Deireadh Fómhair tar éis tréimhse fada tinnis.Patsaí A

Is minic a deirtear faoi dhuine a bhásaigh nach mbeidh a leitheid arís ann ach, i gcás Phatsaí, tá sé go hiomlán fíor. Tá sé beagnach do-dhéanta Toraigh gan Phatsaí a shamhlú. Ba chroí an oileáin é. Ceoltóir, ealaíontóir, damhsóir, seanchaí agus trodaí ar son a phobail. Le linn a shaoil, b’iomaí bagairt agus dúshlán a bhí  ag Toraigh; achan uair, sheas Patsaí an fód; throid sé ar son a oileáin, ar son a phobail agus ar son a chultúir; níor ghéill sé ariamh.

Fear lách, cineálta, gnaíúil a bhí ann; dílis dá chlann, dá phobal, d’oidhreacht. Pearsantacht mhór agus croí mór.

Tá Toraigh uilig faoi bhrón. Ba mhaith le pobal na scoile chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean Phatsaí, Kathleen, lena iníonacha, Breda, Majella, Christina, lena mhac, Seán Dónail agus leis an teaghlach uilig.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Dúirt Patsaí am amháin gurb é an scoil mhór an dul chun cinn ba mhó a rinneadh ar an oileán le caoga bliain anuas. Thug sé tacaíocht iomlán dúinn ón chéad lá agus bhí sé i gcónaí fial flaithiúil lena chuid buanna agus ama. Is deacair Toraigh gan é a shamhlú ach ba é a mhian go mairfeadh Pobal Thoraí, go rachadh sé i neart agus go mbeadh na daoine dílis dá n-oidhreacht agus dá dteanga.

Las tú lasrach an dóchais ionainn a chara – coinneoidh muidne lasta duit é agus beidh tú linn i gcónaí.

Suaimhneas síoraí do d’anam uasal, Gaelach.

                                                                                       Máire Clár Nic Mhathúna (Príomhoide)

[/lang_ie]

[lang_en-uk]Tá Rí Thoraí, Patsaí Dan Mag Ruaidhrí, tar éis báis. D’éag sé oíche Aoine, 19 Deireadh Fómhair tar éis tréimhse fada tinnis.Patsaí A

Is minic a deirtear faoi dhuine a bhásaigh nach mbeidh a leitheid arís ann ach, i gcás Phatsaí, tá sé go hiomlán fíor. Tá sé beagnach do-dhéanta Toraigh gan Phatsaí a shamhlú. Ba chroí an oileáin é. Ceoltóir, ealaíontóir, damhsóir, seanchaí agus trodaí ar son a phobail. Le linn a shaoil, b’iomaí bagairt agus dúshlán a bhí  ag Toraigh; achan uair, sheas Patsaí an fód; throid sé ar son a oileáin, ar son a phobail agus ar son a chultúir; níor ghéill sé ariamh.

Fear lách, cineálta, gnaíúil a bhí ann; dílis dá chlann, dá phobal, d’oidhreacht. Pearsantacht mhór agus croí mór.

Tá Toraigh uilig faoi bhrón. Ba mhaith le pobal na scoile chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean Phatsaí, Kathleen, lena iníonacha, Breda, Majella, Christina, lena mhac, Seán Dónail agus leis an teaghlach uilig.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Dúirt Patsaí am amháin gurb é an scoil mhór an dul chun cinn ba mhó a rinneadh ar an oileán le caoga bliain anuas. Thug sé tacaíocht iomlán dúinn ón chéad lá agus bhí sé i gcónaí fial flaithiúil lena chuid buanna agus ama. Is deacair Toraigh gan é a shamhlú ach ba é a mhian go mairfeadh Pobal Thoraí, go rachadh sé i neart agus go mbeadh na daoine dílis dá n-oidhreacht agus dá dteanga.

Las tú lasrach an dóchais ionainn a chara – coinneoidh muidne lasta duit é agus beidh tú linn i gcónaí.

Suaimhneas síoraí do d’anam uasal, Gaelach.

                                                                                         Máire Clár Nic Mhathúna (Príomhoide)

[/lang_en-uk]

[lang_es-es]Tá Rí Thoraí, Patsaí Dan Mag Ruaidhrí, tar éis báis. D’éag sé oíche Aoine, 19 Deireadh Fómhair tar éis tréimhse fada tinnis.Patsaí A

Is minic a deirtear faoi dhuine a bhásaigh nach mbeidh a leitheid arís ann ach, i gcás Phatsaí, tá sé go hiomlán fíor. Tá sé beagnach do-dhéanta Toraigh gan Phatsaí a shamhlú. Ba chroí an oileáin é. Ceoltóir, ealaíontóir, damhsóir, seanchaí agus trodaí ar son a phobail. Le linn a shaoil, b’iomaí bagairt agus dúshlán a bhí  ag Toraigh; achan uair, sheas Patsaí an fód; throid sé ar son a oileáin, ar son a phobail agus ar son a chultúir; níor ghéill sé ariamh.

Fear lách, cineálta, gnaíúil a bhí ann; dílis dá chlann, dá phobal, d’oidhreacht. Pearsantacht mhór agus croí mór.

Tá Toraigh uilig faoi bhrón. Ba mhaith le pobal na scoile chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean Phatsaí, Kathleen, lena iníonacha, Breda, Majella, Christina, lena mhac, Seán Dónail agus leis an teaghlach uilig.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Dúirt Patsaí am amháin gurb é an scoil mhór an dul chun cinn ba mhó a rinneadh ar an oileán le caoga bliain anuas. Thug sé tacaíocht iomlán dúinn ón chéad lá agus bhí sé i gcónaí fial flaithiúil lena chuid buanna agus ama. Is deacair Toraigh gan é a shamhlú ach ba é a mhian go mairfeadh Pobal Thoraí, go rachadh sé i neart agus go mbeadh na daoine dílis dá n-oidhreacht agus dá dteanga.

Las tú lasrach an dóchais ionainn a chara – coinneoidh muidne lasta duit é agus beidh tú linn i gcónaí.

Suaimhneas síoraí do d’anam uasal, Gaelach.

                                                                                         Máire Clár Nic Mhathúna (Príomhoide)

[/lang_es-es]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

‘Coastal Watch’|Coastal Watch| Coastal Watch

[lang_ie]Chuaigh na scoláirí síos chun na farraige Dé Luain, 15 Deireadh Fómhair, chun suirbhé a dhéanamh mar chuid de ‘Coastal Watch’. Phioc siad 100 meadar den chladach faoin bhalla cosanta lena suirbhé. Rinne siad taifead ar na plandaí eágsúla, éisc éagsúla agus truailliú éagúla a tháinig siad orthu. Cuirfear an t-eolas seo ar shiúl ag Coastal Watch a chuirfidh eolas ó neart suirbhéanna timpeall na tíre i dtoll a cheile chun pictiúr iomlán de stad ár gcósta a fháil.[/lang_ie]

[lang_en-uk]The students went down to the sea on Monday, 15 October, to conduct a survey as part of ‘Coastal Watch’. They selected a one-hundred metre stretch of strand below the sea wall for their survey.[/lang_en-uk]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

Tionscadal Chaomhnú na dTraonach (Cuid 2)|Corncrake Conservation Project (Part 2)|Proyecto de conservación del Cuervo de codorniz

This gallery contains 10 photos.

[lang_ie] I Mí na Bealtaine, tháinig  Marie Duffy ó Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra isteach go Toraigh chun oibriú lenár scoláirí mar chuid de Tionscadal Chaomhnú na dTraonach. Cuireadh préataí ag an am chun timpeallacht fhóirstineach don traonach a fhorbairt agus a chaomhnú. Cúig mhí … Continue reading

More Galleries | Leave a comment

Seismiméadar darb ainm ‘Allód’ | A Seismometer called ‘Allód’ |Un Seismómetro llamado ‘Allód’.

IMG_1063[lang_ie]Bhí ‘fís-chomhdháil’ ag na scoláirí le foireann taighde eolaíochta de chuid an Dublin Institute for Advanced Studies atá ar bord na loinge taighde mara, Celtic Explorer, a bhí ó dheas de chósta na hÍoslainne. De Mairt, 25 meán Fomháir a bhí scoláirí Thoraí i dteagmháil leis na taighdeoirí ar bhord an Celtic Explorer. Tá na heolaithe ag cur seismiméadar síos ar ghrinneall na farraige thart ar chósta na hÉireann chun monatóireacht a dhéanamh ar  ghníomhaíocht bholcánach. Bhí deis ag ár scoláirí labhairt leis na taighdeoirí mar bhain duine díobh, Thomas Vance, comórtas ina phioc sé ainm do cheann amháin de na seismiméadair atá á scaipeadh. ‘Allód’ (seanainm Gaeilge ar Dhia mara) a thug Thomas air agus anois tá an seismiméadar, ‘Allód’, ar ghrinneall na farraige amach ó chósta Chorcaí. Le linn an chruinniú-ar-líne, bhí deis ag na scoláirí ceisteanna a chur ar fhoireann Sea-Seis agus d’fhreagair baill na foirne achan ceist a cuireadh orthu. [/lang_ie]

[lang_en-uk]The College’s students  participated in a video conference with a research team from the Dublin Institute for Advanced Studies on board the marine research vessel, Celtic Explorer, which was south of Iceland at the time; The online meeting took place on Tuesday, 25th Sepember. The scientists are deploying seismometers around the Irish coast to monitor volcanic activity. The students had the opportunity to speak to the research team because one of them, Thomas Vance, won a competition to name one of the seismometers being deployed. ‘Allód’ (ancient Irish sea God) was the name Thomas gave to the seismometer that now lies on the bottom of the ocean off the coast of Cork. The students were able to ask members of the Sea-Seis team questions, all of which were willingly answered.[/lang_en-uk]

[lang_es-es]Participaron los alumnos del colegio en una videoconferencia con  un equipo de investigación del Instituto Dublinés de Estudios Avanzados que estaba  a bordo del barco de investigación marina ‘Celtic Explorer’ situado en ese momento al sur de Islandia. Aconteció el martes, 25 setiembre. Los científicos están colocando seismómetros alrededor de la costa de Irlanda para estudiar la actividad volcánica. Los alumnos lograron esta oportunidad de hablar con el equipo de investigación porque uno de ellos, Thomas Vance, había ganado en un concurso de poner nombres a los seismómetros con el nombre de un antiguo diós del mar irlandés, “Allód”. En este momento, Allód está en el fondo del mar al suroeste del condado de Cork. Había una sesión de preguntas y respuestas y el equipo científico contestó a las preguntas de los alumnos con muchas ganas y entusiasmo. [/lang_es-es]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment