Fiontraithe Thoraí | Tory Entrepreneurs|Fiontraithe Thoraí |

[lang_ie]Bhí scoláirí an chéad agus an dara bhliain amuigh ar an tír Dé Céadaoin, 14 Márta, chun páirt a ghlacadh i gComórtas Fiontair do Scoileanna de chuid  Oifig Áitiúil Fiontar Dhún na nGall. Bhí Aimee, Brendan Lee, William agus Mícheál ag obair ar ghnólacht s’acu le míonna anuas agus obair iontach déanta acu ó thosaigh siad. Cóstaeirí Thoraí ainm ghnólachta s’acu agus ag díol cóstaeirí scláta a bhfuil tomhaiseanna dúchasacha de chuid Thoraí orthu aidhm an ghnólachta. Tá na costaeirí thar a bheith tarraingteach agus is léir go raibh samhlaíocht agus cruthaitheacht ag na fiontraithe óga a tháinig aníos leis an smaoineamh. Bhain siad an dara áit amach i i meán-chatagóir an chomórtais agus tá muid uilig iontach bródúil astu. Tá siad ar thóir maoiniú anois chun a gcuid fiontair a fhorbairt. Má tá tú ag cuartú infheistíochta maithe ní gá duit amharc in áit ar bith eile; gheobhaidh tú luach maith saothair ó Chóstaeirí Thoraí[/lang_ie]

[lang_en-uk]First- and second-year students went to the mainland on Wednesday, 14 March to participate in the Schools Enterprise Competition organised by Donegal Local Enterprise Office. Aimee, Brendan Lee, William and Mícheál have been working on their business for the last number of months and they have done great work since they started. Cóstaeirí Thoraí is the name of their business and its objective is to sell slate coasters engraved with native Toraigh riddles. The coasters are really attractive and it is clear that the young entrepreneurs who came up with the idea were not lacking in imagination or creativity. The achieved second place in the competition’s intermediate category  and we are all very proud of them.  They are now seeking finance to develop their business. If you want an investment opportunity, you don’t need to look anywhere else; you will get a good return from Cóstaeirí Thoraí. [/lang_en-uk]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

Comórtas UCode 2018 | UCode 2018 Competition | UCode 2018

Aimee, William, MícheálScoláirí uilig[lang_ie]Ghlac scoláirí an Choláiste páirt i gComórtas UCode 2018 a eagraíonn Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn achan bliain. Comórtas códála do scolaírí dara leibhéal atá in UCode ina gcaitheann foirne de bheirt nó de thriúr an teanga ríomhchlárúcháin, Scratch a úsáid chun píosa bogearra a dhearadh. Ghlac dhá fhoireann ón Choláiste páirt agus bhain siad an-sult as.  [/lang_ie]

[lang_en-uk]Students from the college participated in the UCode 2018 competition organised by Letterkenny Institute of Technology. UCode is a coding competition for second-level students in which teams of two or three use the Scratch programming language to design a piece of software. Two teams from the College took part and they really enjoyed it.[/lang_en-uk]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

Sabháilteacht ar-líne agus Cibear-bhulaíocht | Safety on-line and Cyber Bullying |

IMG_0720[lang_ie]Bhí baill den Gharda Síochána istigh Dé hAoine, 8 Nollaig le labhairt le scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí faoi shabháilteacht ar-líne agus faoi na dáinséir mhóra a d’fhéadfadh a bheith ann agus daoine óga ag úsáid an ghréasáin agus na meáin shóisialta. Bhí an cur i láthair thar a bheith spéisiúil agus, déanta na fírinne, scanrúil; ach,  bhí lúchair ar  thuismitheoirí agus múinteoirí cloisteáil ó na Gardaí go raibh scoláirí s’againne eolach go maith agus freagrach. Tá sé i gceist ag bainistíocht na scoile agus na Gardaí lá traénála maidir leis an ábhar seo a eagrú istigh sa scoil sa bhliain úr.[/lang_ie]

[lang_en-uk]Members of an Gárda Síochána visited the school on Friday, 8 December to speak to students, parents and teachers about on-line safety and the great dangers that can face young people as they use the internet and social media. The presentation was very interesting and, to to tell the truth, scary; however, parents and teachers were pleased to hear from the Gardaí that our students were well-informed and responsible. School management and the Gardaí hope to organise a training day about on-line safety in the school sometime in the new year. [/lang_en-uk]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

Scríbhneoirí Óga | Young Writers

William agus Pádraig[lang_ie]Comhghairdeas le William Ó Ruanaidh agus Pádraig Ó Dubhgáin a bhain duaiseanna scríbhneoireachta ag Oireachtas na Samhna 2017. Fuair William an chéad áit dá dhán, ‘An Fharraige’ sa chomórtas filíochta faoi 16; fuair Pádraig an dara háit sa chomórtas gearrscéalta faoi 16 dá scéal, ‘An Chailleach agus an Zombie’. Samhlaíocht agus cruthaitheacht sa dá shaothar agus táthar ag súil go leanfaidh an bheirt ar aghaidh ag scríobh[/lang_ie]

[lang_en-uk]Congratulations to William Ó Ruanaidh and to Pádraig Ó Dubhgáin, both of whom won prizes for their writing at Oireachtas na Samhna 2017.  William won first prize in the under-16 poetry competition for his poem, ‘An Fharraige’; Pádraig took second place in the under-16 short-story competition for his story, An ‘Chailleach agus an Zombie’. Imagination and creativity in both pieces of work and it is hoped that they will both continue with their writing.[/lang_en-uk]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

Aistritheoir den Chéad Scoth | Top-class Translator

Aimee agus MC[lang_ie]“Ba mhaith le Cumann Aistritheoirí agus Ateangairí comhghairdeas a dhéanamh le hAimee Nic Laifeartaigh a chuir isteach an t-aistriúchán Gaeilge-Béarla ab fhearr sa Chomórtas Aistriúcháin do Scoláirí  Dara-leibhéil  2017. Cé nach bhfuil Aimee ach sa chéad bhliain agus í i gcomórtas le scoláirí chéadbhliana, idirbhliana agus cúigiú bliana fiú amháin, bhuaigh sí go héasca. Is éacht shuntasach é seo agus is léir gur aistritheoir agus ateangaire den scoth í Aimee”. Bhronn príomhoide, Maire Clar Nic Mhathúna an duais ar Aimee mar ní  raibh sí ábalta dul go Bhaile Átha Cliath don bhronnadh. [/lang_ie]

[lang_en-uk]“The Irish Translators’ and Interpreters’ Association would like to congratulate Aimée Nic Laifeartaigh who submitted the best Irish-English translation in the 2017 Translation Competition for Secondary-school Students. Even though Aimee is a first year student and was up against students in first year, transition year and even fifth year, she was the clear winner. This is a very impressive achievement and Aimee is clearly a talented linguist and translator”. Aimee was not able to go to Dublin for the presentation so principal, Máire Clár Nic Mhathúna presented her with her prize on Toraigh [/lang_en-uk]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment