Sabháilteacht ar-líne agus Cibear-bhulaíocht

IMG_0720Bhí baill den Gharda Síochána istigh Dé hAoine, 8 Nollaig le labhairt le scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí faoi shabháilteacht ar-líne agus faoi na dáinséir mhóra a d’fhéadfadh a bheith ann agus daoine óga ag úsáid an ghréasáin agus na meáin shóisialta. Bhí an cur i láthair thar a bheith spéisiúil agus, déanta na fírinne, scanrúil; ach,  bhí lúchair ar  thuismitheoirí agus múinteoirí cloisteáil ó na Gardaí go raibh scoláirí s’againne eolach go maith agus freagrach. Tá sé i gceist ag bainistíocht na scoile agus na Gardaí lá traénála maidir leis an ábhar seo a eagrú istigh sa scoil sa bhliain úr.

Posted in An Scéal is Deireanaí | Leave a comment

Scríbhneoirí Óga

William agus PádraigComhghairdeas le William Ó Ruanaidh agus Pádraig Ó Dubhgáin a bhain duaiseanna scríbhneoireachta ag Oireachtas na Samhna 2017. Fuair William an chéad áit dá dhán, ‘An Fharraige’ sa chomórtas filíochta faoi 16; fuair Pádraig an dara háit sa chomórtas gearrscéalta faoi 16 dá scéal, ‘An Chailleach agus an Zombie’. Samhlaíocht agus cruthaitheacht sa dá shaothar agus táthar ag súil go leanfaidh an bheirt ar aghaidh ag scríobh

Posted in An Scéal is Deireanaí | Leave a comment

Aistritheoir den Chéad Scoth

Aimee agus MC“Ba mhaith le Cumann Aistritheoirí agus Ateangairí comhghairdeas a dhéanamh le hAimee Nic Laifeartaigh a chuir isteach an t-aistriúchán Gaeilge-Béarla ab fhearr sa Chomórtas Aistriúcháin do Scoláirí  Dara-leibhéil  2017. Cé nach bhfuil Aimee ach sa chéad bhliain agus í i gcomórtas le scoláirí chéadbhliana, idirbhliana agus cúigiú bliana fiú amháin, bhuaigh sí go héasca. Is éacht shuntasach é seo agus is léir gur aistritheoir agus ateangaire den scoth í Aimee”. Bhronn príomhoide, Maire Clar Nic Mhathúna an duais ar Aimee mar ní  raibh sí ábalta dul go Bhaile Átha Cliath don bhronnadh.

Posted in An Scéal is Deireanaí | Leave a comment

Spásaire i dToraigh

Bhí cur i láthair iontach i dToraigh Dé Céadaoin, 11 Deireadh Fómhair, nuair a labhair an spásaire Meiriceánach, Dan Tani, le scoláirí agus le múinteoirí an Choláiste ar cheangail Skype. Rinne Dan cur síos ar a chuid eispéireas i spás. Chuaigh Dan suas go dí an Staisiún Spáis agus chaith sé míonna ansin. Thug sé léargas iontach air agus d’fhreagair sé ceisteanna ar feadh 40 bomaite. Bhí Dan thar a bheith spéisiúil, lách agus pleisiúrtha agus dúirt sé go mba bhreá leis teacht go Toraigh am éicínt. Tá súil againn go dtiocfaidh sé; beidh fáilte mhór roimhe.  Dan 1

Posted in An Scéal is Deireanaí | Leave a comment

Tugaigí Dushlán na Múinteoirí

DB1Bhí craic ar dóigh ag na scoláirí agus na múinteoirí nuair a d’imir siad Dodgeball Dé hAoine, 29 Meán Fómhair mar chuid de National Fitness Day. Bhí na scoláirí in éadan na múinteoirí agus, creid nó ná creid, níor éirigh leis na scoláirí cluiche amháin a bhaint. Níl a fhios an é nach raibh siad in ann do na múinteoirí nó an é nach raibh siad ag iarraidh na seanmhúinteoirí  malla a náiriú. Is dóigh go mbeidh cluiche eile ann ar aon chaoi. Beidh le feiceáil ansin.

Posted in An Scéal is Deireanaí | Leave a comment