Sirius Science

IMG_1113 IMG_1115Bhí foireann de chuid Sirius Science isitigh i dToraigh Dé Luain, 19 Samhain mar chuid de Sheachtaine na hEolaíochta. Thug Rob Hill cur i láthair iontach spéisiúil faoi spás, faoi na plainéid agus faoin Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis. Bhí ar an lucht féachanna spéacláirí thrí phlánacha (3D)  a chaitheamh agus iad ag amharc ar an scáilean le linn an chur i láthair agus bhí daoine ag ceapadh go raibh dreigití ag teacht i dtreo s’acu. Labhair an Dr. Nóra Patten freisin agus bhean iontach spéisiúil atá inti. Tá sí páirteach i Project Possum a bhíonn ag traenáil daoine mar spásairí  agus ‘chuile sheans gurb ise an chéad Éireannach a ghabhfaidh suas i spás chun tamall a chaitheamh sa Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis.  An-éacht do bhean ar as Maigh Eo í. ‘Chuile sheans go mbeidh an Dr. Patten sa spás sula mbíonn Corn Sam Mhig Uidhir i Maigh Eo (Gailleamhach a scríobh seo). Guíonn muid gach rath uirthi

This entry was posted in An Scéal is Deireanaí . Bookmark the permalink.