Spásaire i dToraigh | Spaceman in Toraigh

[lang_ie]Bhí cur i láthair iontach i dToraigh Dé Céadaoin, 11 Deireadh Fómhair, nuair a labhair an spásaire Meiriceánach, Dan Tani, le scoláirí agus le múinteoirí an Choláiste ar cheangail Skype. Rinne Dan cur síos ar a chuid eispéireas i spás. Chuaigh Dan suas go dí an Staisiún Spáis agus chaith sé míonna ansin. Thug sé léargas iontach air agus d’fhreagair sé ceisteanna ar feadh 40 bomaite. Bhí Dan thar a bheith spéisiúil, lách agus pleisiúrtha agus dúirt sé go mba bhreá leis teacht go Toraigh am éicínt. Tá súil againn go dtiocfaidh sé; beidh fáilte mhór roimhe.  [/lang_ie]Dan 1

[lang_en-uk]There was a great presentation in Toraigh on Wednesday, 11 October when the American astronaut, Dan Tani, spoke to students and staff over a Skype link. Dan described his experiences in space, referring to the months he spent on the Space Station. He gave us wonderful insights and answered questions for 40 minutes. Dan was really interesting and charming and he said he would love to come to Toraigh. We hope he will; he would be very welcome.[/lang_en-uk]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

Tugaigí Dushlán na Múinteoirí | Take on the Teachers Challenge

DB1[lang_ie]Bhí craic ar dóigh ag na scoláirí agus na múinteoirí nuair a d’imir siad Dodgeball Dé hAoine, 29 Meán Fómhair mar chuid de National Fitness Day. Bhí na scoláirí in éadan na múinteoirí agus, creid nó ná creid, níor éirigh leis na scoláirí cluiche amháin a bhaint. Níl a fhios an é nach raibh siad in ann do na múinteoirí nó an é nach raibh siad ag iarraidh na seanmhúinteoirí  malla a náiriú. Is dóigh go mbeidh cluiche eile ann ar aon chaoi. Beidh le feiceáil ansin.[/lang_ie]

[lang_en-uk]Students and teachers had great craic on Friday, 29 September when they played each other in Dodgeball as part of National Fitness day. It is hard to believe but the students didn’t manage to beat the teachers once. It is not known whether the teachers were just too good for the students or whether, much more likely, they just did not want to embarrass the old and slowDB4 teachers. There will probably be another game anyway. We’ll see then.[/lang_en-uk]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

Ceardlann Ghiniúnt Smaointe | Idea Generation Workshop

Stephen Friel of Friel Consulting leis na scoláirí

Stephen Friel of Friel Consulting leis na scoláirí

[lang_ie]D’fheastail scoláirí den chéad agus den dara bhliain ar cheardlann ghiniúnt smaointe a d’eagraigh an Oifig Fhiontair Áitiúil i dTeach Jeaic ar an Ghlasaigh Dé Máirt, 26 Meán Fómhair mar chuid den Chomórtas Fiontair do Scoláirí. Bhain na scoláirí idir shult agus thairbhe as na cainteoirí agus tá siad ag súil go mór le tús a chur le gnó s’acu féin.[/lang_ie]

 

[lang_en-uk]First- and second-year students attended an idea generation workshop in teach Jeaic on Tuesday, 26 September as part of the Local Enterprise Office’s Student Enterprise Competition. The students found the event beneficial and enjoyable and they are now looking forward to starting their own business.[/lang_en-uk]

[lang_es-es][/lang_es-es]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

Seaimpíní Digiteacha Scoile | School Digital Champions |Seaimpíní Digiteacha Scoile

Griangrafanna / Photos   [lang_ie]Ghlac na scoláirí páirt i Seaimpíní Digiteacha Scoile, tionscadal de chuid an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Chomhshaoil a bhí sé mar aidhm aige daoine óga a spreagadh i dtreo na teicneolaíochta digitigh. … Continue reading

More Galleries | Leave a comment

Lá Glantacháin |Clean-up Day |Lá Glantacháin

Lá Glan

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment