An Rí ar Shlí na Fírinne

Tá Rí Thoraí, Patsaí Dan Mag Ruaidhrí, tar éis báis. D’éag sé oíche Aoine, 19 Deireadh Fómhair tar éis tréimhse fada tinnis.Patsaí A

Is minic a deirtear faoi dhuine a bhásaigh nach mbeidh a leitheid arís ann ach, i gcás Phatsaí, tá sé go hiomlán fíor. Tá sé beagnach do-dhéanta Toraigh gan Phatsaí a shamhlú. Ba chroí an oileáin é. Ceoltóir, ealaíontóir, damhsóir, seanchaí agus trodaí ar son a phobail. Le linn a shaoil, b’iomaí bagairt agus dúshlán a bhí  ag Toraigh; achan uair, sheas Patsaí an fód; throid sé ar son a oileáin, ar son a phobail agus ar son a chultúir; níor ghéill sé ariamh.

Fear lách, cineálta, gnaíúil a bhí ann; dílis dá chlann, dá phobal, d’oidhreacht. Pearsantacht mhór agus croí mór.

Tá Toraigh uilig faoi bhrón. Ba mhaith le pobal na scoile chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean Phatsaí, Kathleen, lena iníonacha, Breda, Majella, Christina, lena mhac, Seán Dónail agus leis an teaghlach uilig.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Dúirt Patsaí am amháin gurb é an scoil mhór an dul chun cinn ba mhó a rinneadh ar an oileán le caoga bliain anuas. Thug sé tacaíocht iomlán dúinn ón chéad lá agus bhí sé i gcónaí fial flaithiúil lena chuid buanna agus ama. Is deacair Toraigh gan é a shamhlú ach ba é a mhian go mairfeadh Pobal Thoraí, go rachadh sé i neart agus go mbeadh na daoine dílis dá n-oidhreacht agus dá dteanga.

Las tú lasrach an dóchais ionainn a chara – coinneoidh muidne lasta duit é agus beidh tú linn i gcónaí.

Suaimhneas síoraí do d’anam uasal, Gaelach.

                                                                                         Máire Clár Nic Mhathúna (Príomhoide)

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

Coastal Watch

[lang_ieChuaigh na scoláirí síos chun na farraige Dé Luain, 15 Deireadh Fómhair, chun suirbhé a dhéanamh mar chuid de ‘Coastal Watch’. Phioc siad 100 meadar den chladach faoin bhalla cosanta lena suirbhé. Rinne siad taifead ar na plandaí eágsúla, éisc éagsúla agus truailliú éagúla a tháinig siad orthu. Cuirfear an t-eolas seo ar shiúl ag Coastal Watch a chuirfidh eolas ó neart suirbhéanna timpeall na tíre i dtoll a cheile chun pictiúr iomlán de stad ár gcósta a fháil.[/lang_ie]

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

Proyecto de conservación del Cuervo de codorniz

This gallery contains 10 photos.

XXXXXXXXXXXXXXMarie Duffy, del National Parks and Wildlife Service estuvo en Tory para trabajar con nuestros alumnos como parte del Proyecto de Conservacón del Cuervo de codorniz. Este pájaro sigue viniendo a la isla de Tory pero ya no quedan muchos. … Continue reading

More Galleries | Leave a comment

Un Seismómetro llamado ‘Allód’.

IMG_1063

Participaron los alumnos del colegio en una videoconferencia con  un equipo de investigación del Instituto Dublinés de Estudios Avanzados que estaba  a bordo del barco de investigación marina ‘Celtic Explorer’ situado en ese momento al sur de Islandia. Aconteció el martes, 25 setiembre. Los científicos están colocando seismómetros alrededor de la costa de Irlanda para estudiar la actividad volcánica. Los alumnos lograron esta oportunidad de hablar con el equipo de investigación porque uno de ellos, Thomas Vance, había ganado en un concurso de poner nombres a los seismómetros con el nombre de un antiguo diós del mar irlandés, “Allód”. En este momento, Allód está en el fondo del mar al suroeste del condado de Cork. Había una sesión de preguntas y respuestas y el equipo científico contestó a las preguntas de los alumnos con muchas ganas y entusiasmo.

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment

Cartografía Digital

Varios alumnos y su profesor de Instituto Portmarnock de Dublín hicieron una visita a Tory el viernes, 14 setiembre para trabajar sobre el desarrollo de un mapa digital de la isla. Los alumnos dublineses han hecho mucho trabajo sobre mapas digitales incluyendo un mapa digital de Lesotho. Pericia tienen! Nuestros alumnos llevan varios cursos haciendo un mapa digital de Tory y al encontrarse con los alumnos de Portmarnock en una exposición digital les invitaron a venir a la isla para darles consejos. Vinieron, vieron y conquistaron. Muy amables y de gran ayuda! Ahora nuestros alumnos van a seguir con más entusiasmo y quieren que Tory sea la isla más cartografiada de todas las islas de Irlanda. Estamos muy agradacidos a los alumnos de Portmarnock y esperamos verles de nuevo en Tory.

Posted in An Scéal is Deireanaí | The Latest News | Leave a comment